Rugadh agus tógadh Dónal Ó Mulláin ar an Screathan taobh thiar de Chúil Aodha.

Cumadóir amhrán agus scéalaí thar cuimse dob’ ea é. Bhíodh sé ag iomaíocht ag Oireachtas na Gaeilge go minic i lár na haoise seo caite agus is ann a chann sé An Poc Ar Buille chun gur chualadh Muintir na hÉireann ar dtúis é. Lean cáil an amhráin seo ar fuaid an domhain. Ach is mó amhrán eile agus sceál eile do scríobh sé chomh maith.

D’fhág sé féin agus a bhean Siobhán seisear páiste ina dhiaidh.

Dónal Ó Mulláin was born and reared in Screathan on the far side of Cúil Aodha.

He was a composer of songs as well as a great storyteller. He used to take part in competitions at Oireachtas na Gaeilge often in the middle of the last century. It is there that he sang An Poc Ar Buille for the nation to hear for the first time. The fame of this song has lasted throughout the world. But many a more song and story has Ó Mulláin also composed. He and his wife had six children. 

 

 

 

Beidh an plaic dá nochta ar falla an tí ar an Satharn ar a 5:00 agus beidh suas le oscionn leathuair téipe de féin is a bhean ag caint is ag amhrán le clos in Áras Éamonn Mac Suibhne oíche Dé Satharn (1/10/2011) taréis an coirmceoil eaglasta a bheidh ar siúl sa tséipeál béal dorais ar a 7:00.

The plaque will be unveiled on the wall of the house at 5p.m. and there will be more than a half-hour of tape to be heard of Dónal and his wife, singing and talking, in Áras Éamonn Mac Suibhne Saturday night (1/10/2011) after the liturgical concert that will take place in the church next door at 7p.m.

An Poc ar Buile

(le Dónal Ó Mulláin)

Ar mo ghabáil dom siar chun Droichead Uí Mhórdha,

Píce i m’ dhóid is mé ag dul i meitheal,

Cé chasfaí orm i gcumar ceoidh

Ach pocán crón is é ar buile,

Alliliú puilliliu,

Alliliú tá an poc ar buile.

Alliliú puilliliu,

Alliliú tá an poc ar buile.

Do ritheamar trasna trí ruilleogach

Is do ghluais an comhrac ar fud na muinge,

Is treascairt dá bhfuair sé sna turtóga

Chuas ina ainneoin ar a dhroim le fuinneamh

Alliliú puilliliu,

Alliliú tá an poc ar buile.

Alliliú puilliliu,

Alliliú tá an poc ar buile.

Níor fhág sé carraig go raibh scóta ann

Ná gur rith le fórsa chun mé a mhilleadh,

Is ea ansin do chaith sé an léim ba mhó

Le fána mhór na Faille Brice,

Alliliú puilliliu,

Alliliú tá an poc ar buile.

Alliliú puilliliu,

Alliliú tá an poc ar buile.

Bhí garda mór i mBaile an Róistigh

Is bhailigh fórsaí chun sinn a chlipeadh,

Do bhuail sé rop dá adhairc sa tóin air

Is dá bhríste nua do dhein sé giobail,

Alliliú puilliliu,

Alliliú tá an poc ar buile.

Alliliú puilliliu,

Alliliú tá an poc ar buile.

I nDaingean Uí Chúis le haghaidh an tráthnóna

Bhí an sagart paróiste amach ‘nár gcoinnibh,

Is é dúirt gurbh é an diabhal ba dhóigh leis

A ghaibh an treo ar phocán buile!

Alliliú puilliliu,

Alliliú tá an poc ar buile.

Alliliú puilliliu,

Alliliú tá an poc ar buile.