Tá Féile na Laoch 2018 – Cuid 1 – faoi lán tseoil agus tá Lá Mór na Laoch ag teannadh linn…..Cad a bheidh ag titim amach, tá sibh ag iarraidh?

Bhuel, ag meán lae inniu ag Árus Éamonn Mac Suibhne beidh an slua ag bailiú chun fáilte a chuir roimh Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigín, a bheidh ag teacht timpeall an ama sin.   Beidh lón agus cur agus cúiteamh ann leis na laochra eile agus oráid ag an Uachtarán timpeall 3.30in.   Criochnóidh an ocáid timpeall 4in.

Anocht ag 7.30in, beidh an slua ag bailiú arís ag an Árus chun ullmhú don Aeríocht.  Beidh an paráid ag fágaint an Áruis timpeall 8.30-8.45in chun aghaidh a thabhairt ar an bPáirc agus beidh Banna Phíb Chuileann Uí Chuív ag ceann an pharáid.   Tá fáilte roimh daoine óga agus aosta teacht agus bratacha a thabhairt libh chun iad a iompar sa pharáid.

Sa Pháirc ag 9in líonfar an Damhach Diamhrach – searmanas a thugann ár n-oidhreacht le fios – agus ag 9.30in, agus an ghrian ag dul ina luí, cuirfear tús oifigiúil leis an aeríocht. Is iad na Filí, faoi cheannas an Uachtaráin, an phríomh fhile, Mícheál D. Ó hUigín, agus i measc na bhfilí beidh Dairena Ní Chinnéide, Betsy Ní Shuibhne ó Dhámhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn (http://www NULL.daimhscoil NULL.ie),  Michael O’Loughlin, Colm Breathnach agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh.

Ina ndiaidh san, agus níl an órd greannta i gcloch fós, beidh na Reacairí – ina measc Liam Mac a’Mhaoir, Diarmuid Johnson, Gemma O’Doherty agus eile.  Beidh aisteoirí ar an ardán freisin agus rínceoirí.     Agus sinn ag druidim i dtreo buaic na h-oíche, beidh na ceoltóirí agus ina measc tá Ailean Domhnallach,Phil Coulter agus Giordaí Ó Laoghaire.  \

Agus deireadh na h-aeríochta ag druidim linn, beidh na h-amhránaithe ag teacht ar an ardán – is iad sin Glenn Hansard, Christy Moore, Eoiní agus Dainí Maidhcí, Judith Mok is Mary McSweeney agus eile.

Agus an ghrian ag éirí díreach roimh 6rn beidh Ceolfhoireann Uí Riada – ceolfhoireann na laoch – ar an ardán chun fáilte a chur roimh breacadh an lae ar Lá Breithe Sheáin Uí Riada.  Bheadh sé 87 dá mairfead sé.  Gan amhras maireann sé i gconaí inár gceol, ní lú ina measc ceolrian íocónach is spreagúil Mise Éire.

Beidh roinnt imeachtaí eile ina dhiaidh sin – Omós don Each, Butler’s Cabin.  Teacht ar an bPáirc na Laochra Spóirt – Reena Buckley agus Tomás Ó Sé ina measc agus ansan Comórtas an Phíb Mhóir.

Agus ansan is é an dualgas atá orainn an páirc a ghlanadh de gach blúire brúscair agus é a fhágaint go dtí go mbeimíd ar ais ann arís i 2025.

Beidh bia agus deoch ar díol ar an suíomh agus is féidir cathaoireacha a fháil ar chíos ar an oiche. Moltar do dhaoine gléasadh do aimsir nach mbeidh chomh brea leis an aimsir a bhí againn le tamall agus is fiú freisin uachtar nó spré a choimeadfaidh na corramhíola i bhfad uait a thabhairt leat.

NÍL CEAD ALCÓIL A THABHAIRT AR AN LÁTHAIR.