1/5/2018   12:00

Tógtar anuas an bosca ón falla sa séipéal i gCúil Aodha agus osclaitear é ós cóir bailiúcháin de Mhuintir na hÁite – scoláirí scoile, daoine gur suim leo é ón dtaobh amuigh 7rl- ócaid phoiblí.

Roinntear na brattaibh ar na leannaibhe scoile agus na pictiúrí agus brat an féile 7rl ar gach duine i láthair is máirseáltar siar chun Árus Eamon Mac Suibhne le banna de shaghas éigin.

Speech beag ansud chun an treimhse ullamhúcháin a fhógairt tosnaithe.

Má tá coistí eile in aon áit sa tír nó thar lear, brontar brat oifigiúil ar a bhall dá gcoiste má táid i láthair nú cuirtear sa phost chuchu é.

Seastar an brat in oifig anois In Árus Donal Ó Liatháinn agus tá oifig anois ar oscailt.

Déanadh é seo beo ar idir-linne agus ar RnaG – https://www.facebook.com/feile.nalaoch (https://www NULL.facebook NULL.com/feile NULL.nalaoch)

Oscailt an Féle na Laoch 2018.

Tráthnóna Dé hAoine 27/7/2018

20:00  Paráid agus cruinniú ag an Draighean.

Lastar lóchrann tinne ó iarta an Draighin is beirtear síos go geata beag mar a mbronann Peadar an Lóchrann ar Uachtaran féile 2018. Máirseáileann eiseann agus éirlimh gach dáimh, le crios a ndáimhe timpeal a gcom agus lena ndaoscar slua ag iompar na brattaibh (7X7 (49)) siar fan bhóthair go Cúil Aodha. Is gnáthaí Maor an Chontae sa bhuíon leis agus aon mór uaisle eile oiriunach.

I gCúil Aodha stadann an paráid ag an Linn Snáimh.

Tugtar an curam mar onóir do chlann /dream Mór Lóchrann Féile na Laoch do lasadh ón lóchrann beag atá ag an Uachtarán na Féíle.

Seinntear amhráin na bhFiann, is Alaban agus ansan an Gille Mear is árdaíotar brat na hÉireann, Brat Alaban agus Brat Féile na Laoch.

Leannan Cóisir Sráide ansan le bia, comhluadar ceol agus rinnce.

Dé Sathairn 28/7/2018

Lá na gCeoltoirí

10:00 – 17:00 Ionad Culturtha An Dochtuir Ó Loingsigh Dáil Píobaireachta

Taoiseach na h-ócáide -Mick O Brien.

10:00 – 17:00 Áras Íosagáin (CLG Naomh Abán) Dáil Cruitireachta

Taoiseach na h-ócáide- Laoise Kelly

20:00 Árus Eamon Mac Suibhne

Oireachtas na Gaeilge agus Iontaoibheas Fódhla

Buathoirí Corn Uí Riada agus Buathoirí Bonn Óir Seán Ó Riada

Tagann eiseamlár caighdeán ceol dúchasach na hÉireann ar aon stáitse amháin don gcéad uair.

Seisiúin ceoil sna táirní i rith an lae agus istoiche

Dé Domhnaigh 29/7/2018

Lá na gCráifeach

10:00 Aifreann i gCuil Aodha.

11:00  Taispeantas in Árus Eamon Mac Suibhne le Tae agus caifé 7rl

12:00: Oilithireacht Chun Cathair Crobh Dearg ag siubhal (coisiacht agus Bus)

Oilithireacht chun Naomh Gobnait is Abáin (coisiacht agus Bus)

Oilithireacht Chun Laichtín agus an Gugán (coisiacht agus Bus)

 

5:00   Cruiniú ar cheol Eaglasta i séipéal Chuil Aodha faoi stiúr John O Keefe Magh Nuadht -Príomh Teagascóir ar cheol Eaglasta in Éirinn. Cór ó Mhágh Nuadht i láthair.

8:00    Searmanas ceol cráifeach le dul faoi gréinne i séipéal Chúl Aodha. Cór Cuil Aodha, Muintir Mhagh Nuadht, Cór Ban Chúil Aodha le cuid den Laoi na Laoithe. Omós dos na mairbh.

Seisiúin ceoil sna táirní

Dé Luain 30/7/2018

Lá na nÓg.

Le cead agus coimirce Óige na Gaeltachta agus Aonach Tailteann

Comórtaisí Spóirt, ealaíona is éachta is ceoil fan lae le taispeántaisí

Árus Eamon Mac Suibhne Cúil Aodha,

Áras Íosagáin (CLG Naomh Abán) Baile Mhuirne

An Ionad Culturtha an Dochtúir Ó Loingsigh, Baile Mhuirne,

Coláiste Ghobnatan, Baile Mhuirne

Ostán Ghobnatan agus an Muséum an Mhuilinn, Baile Mhuirne.

Fáilte ar leith roim Gaelsoileanna thall is Abhus le comortaisí ealíona is ceoltóireachta agus an craobh ar an lá seo. Gach eolas ó feilenalaoch@iontaoibheasfodhla.ie (feilenalaoch null@null iontaoibheasfodhla NULL.ie)

Bonn Sean Ó Riada le bronnadh ar bhuathoirí, rud ná beidh ann arís go cionn seacht mbliana. (É ar mhúnla an bhoinn Bonn Ór Seán Ó Riada le Padraig O Mathúna le Féile na Laoch 2018 ar a chúl. Gan ach an céad duais agus gach duine eile sa dara áit ach iad taréis a bheith sa chraobh.)

Céilí Áras Íosagáin. Le Raffle

Dé Máirt. 31/7/2018

An Mór Aonach

Teacht na dteachtaí (Arus Eamon Mac Suibhne)

12:00  Failtiú agus béile leis an bpobal ag na 47 Laoch

Taispeantas Cultúrtha is omós don 47 Loach

15:00-17:00  “Na Laoithe”

Óráid Speagúil ó chúpla duine ag críochnú le Uachtarán na hÉireann

Óráid i gCuimhne John Moriarty “Invoking Ireland” Tabhartha ag fealsunaí

Óráid i gCuimhne Sheán Ó Riada “ i gCuimhne Sheáin Uí Riada”

20:00  Cruinniú agus Paráid go Páirc na Laoch.

Bailíotar na daoine/ pobal ag Árus Eamon Mac Suibhne. Taobh thiar de Banna Ceoil an Airm gluaiseann gach duine ó Arus Eamon Mac Suibhne siar trí Chúíl Aodha go Páirc na Laoch.

Sa mhór shiubhal tá na 47 Laoch faoin a mbrattaibh éagsúil agus a lucht leannta. Scaoiltear saor na lanterns le guidheanna, dánta is miannta atá dá léamh amach go ginearálta ó script an fhaid is atá an fútamáil ar siubhal is iad dá scaoileadh saor.

21:00  Lionadh an Damhach Diamhrach agus orthaí na gCrionnach.

21:30  Uair a chloig na Reacairí/scéalaíocht.   Iad ag cruthú tosach na hoiche. Scéalta bunaithe ar tús is bunú. Iriseóirí mar scéalaithe nua aimsireach an lae inniu

22:30  Casadh an Stáitse ar deiseal.

22:40  Uair a chloig na bhfilí

23:40 Casadh an Stáitse ar deiseal.

23:50  Uair na ndramaíochta

1:50    Casadh an Stáitse ar deiseal.

2:00    Uair na rinnceoirí

3:00    Casadh an Stáitse ar deiseal.

3:10    Uair na n-amhránaithe

4:10    Casadh an Stáitse ar deiseal.

4:20    Uair na gceoltóirí

5:20    Réiteach an Stáitse agus ceol fhoirne, gloinní gréinne agus an abhar tine

5:41    Eirí Gréinne. Ceol Fhoireann – Mise Éire. (Foireann déanta suas de cheol fhóirne na tire)

6:00    Dáimh Spóirt ag teacht de dhroim an chnoic síos agus cluiche ceart gairid iománaíochta is peile ar bhruach na hAbhann – gunna comortais scaoilte ag uachtaran CLG chun é thosnú.

Bfhéidir mír gairid ó gach smacht ag fáilte roim an ghrian agus ag beannú d’Éire clár Fódhla – saghas gluaiseacht bheag leis na brattaibh agus na Laocha. Ceiliuradh don pobal … rinnce taé agus toast, scaipe agus codhladh.

Lá Lughnasa i bPáirc na Laoch má cheadaíon an aimsir

14:00-15:30  Comortas an Phíob Mór

15:30  Omós Mór don gCapall agus an Cú.

Scarúint is scor don samhradh agus leanúint an Fhéile in áiteannaibh eile.

Ar an Stáitse: Searmanas nó ócáid scaoilte an scéil – colúir? – eitileoga? Balúin de shaghas éigín – an féile ar fuaid na tire.

Seisiúin sna táirní agus scarúint go Fomhar:

Críoch 28-30/9/2018

Seo iad na laetheanta le féachaint amach romhainn don céad 7 mbliana eile.

Na Cainteanna go léir faoi sin. Atharú Aeráide agus ullamhú chuige, Atharaithe teicneolaíochta agus ullamhú chuige, Atharú polaitíochta, eacnamaíochta 7rl

 

Dé hAoine 28/9/2018

Coirm Amhránnaíochta

Amhránnaithe as Béarla agus Gaoluinn

Amhráin pobail le ámhránaithe ó gach ceard den dtír.

Seisiún sna táirní

Dé Satharn    29/9/2018

Na toghachaí

10:00  Cainnt

Fionbarra Bradley Toghachaí gnótha is eacnamaíochta Éire 2018/2025

Cathal Mac Suibhne Brúgh Forbairtí Éire re Ind & re tSín 2018/2025

Eoin Ó Murchí Forbairtí Éire re Rúis 2018/2025

Le Fógairt   Forbairtí Éire re USA 2018/2025

12:30  Reilg searmanas beag ag Uaigh Sheáin Uí Riada.

Lón / sos

2:30    Cainnt

Sorcha Ní Riada Polaitíocht re Éire 2018/2025

Liadh Ní Riada Forbairt re Eoraip 2018/2025

Le Fógairt     Atharú Aeráide/Climate change – Éire 2018/2025

Le Fógairt     An teicneolaíocht – Éire 2018/2025

Le Fógairt   An Sláinte – Éire 2018/2025

8:00    Cainnt an Phobail

Pléadh agus ullamhú ar ár dtoghachaí in Éire 2018-2025. Páinéleacha an lae agus aoíthe speisialta cáiliúla don oiche.   Cathaoirleach Peadar Ó Riada

Pléadh oscailte don bpobal ón úrlár ar an cur chuige is fearr do dhaoine don céad seacht mbliana seo romhain amach. Beidh cainteoirí an lae maraon le aoíthe is saoithe eile ar stáiste, le ceistiú ag an bpobal.

Seisiún sna táirní

Dé Domhnaigh 30/9/2018

10:00  Aifreann cuimhneacháin craolta ar Rnag

 

11:00  Tae agus Caifé san Árus Éamon Mac Suibhne le cainnt beag foirmealta ó gach dáimh ag féachaint rumpu amach don céad seacht mbliana eile agus a n-ealaíon.

11:45  Amhránaithe

12:00  Reacaire

12:15  Filí

12:30  Dramadóir

12:45  Rinnceóirí

1:00    Ceoltóirí

1:30 críoch agus fógra go mbeidh a leithéid de thionól dá ghairm arís i gcionn seacht mbliana.

Tráthnóna fiain le seisiúin

8:00    Searmanas sholúnta Dúnnta:

Coirm Oifigiúil sholúnta Féile na Laoch 2018 – Árus Éamon Mac Suibhne ag críochnú ar Meann Oiche.