Beathaisnéis Eoiní Mhaidhcí Uí Shúilleabháin.

Duine de chlann cheolmhar Uí Shúilleabháin, Cúil Aodha, isea Eoiní,  Tá sé ag canadh agus ag bailiú amhrán ó bhí sé an-óg.  Fuair sé a chuid amhrán óna athair, Maidhcí, agus ó amhránaithe áitiúla aitheanta ar nós Pádraig Ó Tuama agus Diarmuid Ó Ríordáin.

Tá bailiúchán mór d’amhráin áitiúla Mhuscraí ag Eoiní idir Ghaoluinn agus Béarla,  agus ard eolas ar na daoine a chum agus a chan iad. Ina dteannta san canann sé amhráin ón dtraidisiún amhrán ón taobh thiar den teorainn i gCo. Chiarraí timpeall ar Chill Garbháin

Tá aithne ar Eoiní mar mhúinteoir amhránaíochta ag Scoil Éigse Fleadh Cheoil na hÉireann, agus ag ceardlanna ar fud na tíre , agus is minic é le cloisint ar Raidio na Gaeltachta, agus ar TG4.

Tá cónaí air i dtigh na muintire i gCúil Aodha, agus tá triúr clainne air féin agus a chéile, Rachel Ní Riada.

 

Éoini Ó Súilleabháin comes from a well known singing family in Cúil Aodha. He has been singing and acquiring his wide repertoire since he was very young. He learned many songs from his father, Maidhcí, as well as from local  singers such as Pádraig Ó Tuama and Diarmuid Ó Riordáin.

Eoiní has amassed a great store of songs, both in Irish and in English, and has a wide knowledge of the stories behind them, and of the people who composed and sang them. As well as the Muscraí songs, he also sings songs from the singing tradition across the Kerry border around Kilgarvan.

Eoiní is also well known as a teacher of traditional songs at the scoil Éigse of Fleadh Cheoil na hÉireann and all over Ireland. He can be heard often on Radio na Gaeltachta, and seen on TG4.

He lives in Cúil Aodha, and he and his wife, Rachel Ní Riada have three sons.

 

 

Beathaisnéis Dainní Maidhcí Ó Súilleabhain.

Rugadh Dainní i gCúil Aodha, an tarna duine clainne a bhí ag Maidhcí Ó Súilleabháin agus Nóra Ni Éalaithe ó Chill Garbháin. Bhíodh amhránaíocht sa tigh i gcónaí agus é ag fás suas. Ba mhinic comharsain ag teacht ag scoraiocht, agus bhíodh cur agus cúiteamh fé cheol agus fé amhránaíocht acu, i dtreo gur phioc an clann óg suas eolas ar amhráin, na scéalta a bhain leo agus na daoine a rabhadar luaite leo. I scoil Bharr d’Inse mar ar chuaigh an clann ar scoil, bhí béim ar amhránaíocht, agus cuireadh leis an líon amhrán a bhi acu ann.

Thar na blianta bhailigh Dainní stór mór d’amhráin na h-áite agus na dúthaí máguaird, i nGaoluinn agus i mBéarla, ina measc amhráin a chum ‘George Curtin’, Danny Tom Ó Liatháin agus filí áitiúla eile. Ta stór seanchais aige leis a bhaineann leis na daoine a chum iad. Deineann sé ceardlanna ar fuaid na tíre, agus bíonn glaoch air i gcónaí le canadh ag Fleadhanna, féilte agus seisiúin ar fuaid na tire.

Cónaionn se i gCorcaigh lena bhean Joan, gar iníon le Bess Cronin, agus ta triúr mac acu.

 

Danny Maidhcí Ó Suilleabháin was born in Cuil Aodha, the second of seven children of Maidhcí Ó Súilleabháin and Nora Healy from neighbouring Kilgarvan, Co. Kerry. There was always singing in the house as he was growing up. Neighbour would call round at night and discuss old songs and singers, their history and their repertoire, and the children acquired a wide and varied store of songs almost by osmosis. This was added to in the school, Barr d’Inse, where singing had an important place in the curriculum. Through the years Danny collected a great store of songs, especially those of local composers such as ‘George Curtin’ and Danny Tom Lehane. He has taught workshops all over the country, and is in great demand at Fleadhanna, festivals and sessions.

He lives in Cork, and he and his wife, Joan, a grand daughter of Elizabeth Cronin, have three sons.