Is as an Aird Thiar i gCarna do Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha. Bhí saibhreas an chultúir amhránaíochta ina thimpeall sa cheantar agus é ag éirí aníos agus go deimhin fuair sé oiliúint mhaith sa traidisiún sin ar leac an teallaigh, mar gur fonnadóir den scoth a bhí ina athair roimhe, Seán Jeaic Mac Donncha, a bhuaigh craobh an Oireachtais sa sean-nós sa bhliain 1943. Tá an chraobh chéanna buaite faoi thrí ag Josie – Corn Chomhlacht an Oideachais mar a thugtaí an uair sin air i 1971, agus Corn Uí Riada sna blianta 1978 agus 1982. Thosaigh Josie ag gabháil fhoinn go poiblí den chéad uair ag Feis Charna agus é ina dhéagóir agus ghlac sé páirt san Oireachtas den chéad uair agus é sna fichidí.

Bhí lámh freisin ag Josie i mbunú Chumann Amhránaíochta Iorras Aithneach, seisiún amhránaíochta agus ceoil a reáchtáiltear ina cheantar dúchais ar an Satharn deireanach de gach mí.

Tá turais tugtha ar Shasana ag Josie le Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus ar Albain mar chuid de Chuairt na bhFilí, agus tá cuimhne ar leith aige ar an uair a chuaigh sé ar thuras go dtí an Libia, sa bhliain 1976, le Comhaltas Ceoltóirí Éireann.

Is iad an dá mhórthaifead a rinne Josie ná Josie Sheáin Jeaic (Cinq Planets, 2000) agus Ó na Sceirdí Aniar (Gael Linn, 1987) .Ghlac sé páirt chomh maith sa scannán ’The Irishmen – An Impression of Exile’ a rinneadh sna seascaidí agus sa tsraith ’Atlantean’ a stiúir Bob Quinn sna hochtóidí.

Is iascaire agus seoltóir é Josie agus tá sáreolas aige ar oileáin agus ar charraigeacha a cheantair dhúchais agus an seanchas a théann leo.

Is duine de phríomh amhránaithe sean-nós na tíre seo é Josie le tuiscint doimhin ar an ealaín seo aige. Ní hionadh é i measc na Laoch.