Ó Chorca Dhuibhne a shíolraigh Dairena, file sa dá theanga, a chaith seal mar chraoltóir, iriseoir, léiritheoir teilifíse agus ateangaire i bParlimint na hEorpa. Tá “An Trodaí & Dánta Eile/The Warrior and Other Poems”, “Poll na mBabies” agus “Bleachtaire na Seirce” i measc na  gcnuasaigh filíochta atá foilsithe aici ó 2005. Chraol RTE agus RnaG dhá dhráma raidio dá cuid. Guth láidir sainiúil aici a fhiosraíonn an taobh tuathail. Maireann sí ar an mBuailtín lena mac Jeaic agus tá a cnuasach nua dá theangach “Rí Rá” le foilsiu i 2012.