http://www.youtube.com/watch?v=DAsCHkKvRLY

Seo mír ón scánnán iomráiteach, Mise Éire, scánnán faisnéise stairiúil faoi Eirí Amach 1916 a rinne an scánnánaí George Morrison agus a h-éisíodh i 1959.   Tá clú agus cáil ar an scánnán seo mar gheall ar an gceol a chum Seán  Ó Riada, ceol a mhúsclaíonn misneach agus macallaí ónár stair fiú go dtí an lá inniu.

Tá deis anois ag lucht scannáin ar fuaid an domhain an fhís atá acu d’Éirinn, Mise Éire freisin, a chur ós ár gcomhair i gcomórtas nua atá á eagrú ag Féile na Laochra.     Scánnán nach mó é nach cúig nóiméad agus a bheidh ar fáil go h-idirnáisiúnta ar shuíomh Youtube na féile a bheidh i gceist.

Beidh eolas beacht ar an gcomórtas ar fáil go luath….idir an dhá linn bígí ag cumadh bhúr bhfís ar Mise Éire freisin….

Is é George Morrison a bheidh ina mholtóír ar an gcomórtas seo.