Tá comóradh á dhéanamh i mbliana ar shaol agus ar shaothar Seán  O Riada, cumadóir ceoil agus ceann ródaí cultúrtha, san cheantar inar chaith sé na blianta deiridh dá shaol.   Bheadh an Riadach 80 bliain d’aois ar Lá Lúnasa ach fuair sé bás ró-óg ar an 2ú Deireadh Fómhair i 1971, dhá scór bliain ó shin.

Is éard atá i gceist leis an gcomóradh seo aitheantas a thabhairt don Riadach as a shaothar saoil agus, ina theannta san, omós a thabhairt don iliomad laochra eile ón gceantar seo agus ó níos faide i gcéin a rinne éachtaí sna h-ealaíona nó ar son an phobail.

Beidh réimse leathan d’imeachtaí ar bun i gCúil Aodha agus ar fuaid Mhúscraí ar dheireadh seachtaine saoire bainc Lúnasa na bliana seo.  I measc na n-imeachtaí beidh Taispeantas na Laochra i Halla Chúil Aodha agus is é mór imeacht an dheireadh seachtaine, Comórtas na Laochra.  Reachtáilfear an chomórtas seo idir dul faoi na gréine ar 31ú Iúil agus eirí na gréine an maidin dar gcionn.   Beidh seal ag reacairí is scéalaithe, filí, aisteoirí, amhránaithe, rínceoirí agus ceoltóirí ar an árdán faoin aer agus le linn gach seal, a mhairfidh seacht noiméad ar a mhéid, beidh deis aige nó aici a chruthú go bhfuil an teideal ‘laoch’ tuillte aige nó aici.

Tá cuirí seolta chuig pearsaí aitheanta sna h-ealaíona is na meáin chun féachaint an mbeidh siad sásta a ghlacadh leis an ndúshlán éiseachtúil seo.  Ní bheidh an fhéile seo á reachtáíl ach uair sa chúig mbliain ar a mhéid.