Saolaíodh D. Ó É. ar na Millíní, baile fearann i bparóiste Bhaile Mhuirne sa bhlian 1933. Feirmeóirí a mhuintir agus bhí feirm bheag aca ann ar leacain an tsléibhe. Bhí ceathrar sa chlann, triúr iníon agus an t-aon mhac amháin –Dómhnall.  Chuaigh se ar Scoil Bharr D Ínse agu ba léir ón gcead lá ann ‘do o raibh éirim thar an gcoitiantacht ann.

 

An uair sin b é an nós a bhí ann ná aon scoláire cumasach a chuir ar choláiste le bheith ina mhúinteóir. Chun san a thabhairt chun críche níor mhór do scrudú dian a dhéanamh, Scrúdú na gColáistí Ullmhúcháin. Bhí Gaeilge Béarla, Uimhríocht Stair, Tir Eolas ar na h-abhair a bhí le déanamh agus bhí scrúdaithe béil ann chómh maith sa Ghaeilge agus sa cheol.

 

Bhí scoláireacht Gaeltachta le fáil ag na daltaí ab fhearr ón nGaeltacht agus níl dabht ar domhan ann ná go raibh an scoláireacht so riachtanach ag an am mar gur beag duine go mbeadh an gustal ann chun costaisí an choláiste a ghlanadh. Cé gur eirigh le D. sa scrúdú níor ghlac sé leis an scolaireacht agus níor chuaig sé go dtí coláiste ullmhúcháin le go gcáileofaí ina mhúinteoir é. Cúrsaí mar a bhí sa bhaile aige ba chúis leis sin mar toisc ná raibh ann ach an t-aon mhac bhí ar fanúint sa bhaile i mbun na feirme.

 

Fiche bliain a chaith sé ag feirmeoireacht agus ansan nuair a tháinig an reabhlóid tionscalach go Cúil-Aodha fuair sé post le Talcoma, monarca inneallthóireachta i gCrois na nGabhar ar na Millíní a bhí cómhgarach go maith dá thig féin.  D’fhág sé an áit seo ansan agus chaith sé cúig bliana feichead ag obair le cómhlucht i Ré na nDoirí.  Ar an mbóthar a bhí sé leis an gcómhlucht seo agus chuir se na mílte bóthair de i mbun a chúraim.

 

Sul ar bunaíodh Achadamh Fódhla roinnt blian ó shoin bhí ainm na scoláireachta agus an léighinn ar Dhómhnall. D oibrigh sé leis na húdair ba chailiúla i gCúil-Aodha ag cumadh agallaimh, lúibíní, ceapóga agus amhráin saothair, dtreo is gur údar thábhachtach é féin ar na gnéithe seo dár gcultúr é.  Tá cáil fós ar an saothar a dhein Páití na Rátha Diarmuid Ó Ríordáin, Maidhcí Ó Súilleabháin, Seán Éoin agus Seán Ó Duinnín agus bhí Dómhnall ina dteannta ag cumadh agus é mar saghas rúnaí acu chomh maith.  Fuair sé dhá dhuais litheardha oireachtais ar a chuid filiochta, Reilig Mo Dhíchill agus Luíochán Béal a’Ghleanna agus iliomad duais stáitse le h-agallaimh agus le scéalta.

 

Scríobh sé Stair Mhuintir Éalaithe, leabhar mór toirtiúil a thóg a lan ama agus go raibh scárd taighde le déanamh chun é chur le chéile.  Bhí a lán de seo i mBéarla agus is i Meircea a bhí an t-éileamh ba mhó air agus b’éigin an tarna eagrán a chuir i gcló.