Seán Ó Sé is best known for his singing, especially through his work with Seán Ó Riada. He lives with his wife Eileen in Cork City. They have three in family, Áine, Con and Íde.

Seán was born in January of 1936 in Ballylickey near Bantry, Irish was his first language. He went to school in Coomhoola where his father, who was a fine singer, and his mother were the teachers.

Having completed his secondary education in Coláiste Íosagáin, Baile Mhúirne he headed for St. Patrick’s T.C. in Dublin, where he qualified as a teacher in 1955.

He spent most of his teaching career in the Northside of Cork City, retiring in 1993.


Is mar amhránaí is mó a bheadh aithne ag daoine ar Sheán Ó Sé, go mór mhór trína chuid oibre le Seán Ó Riada. Tá cónaí ar Sheán agus a bhean Eibhlín le beagnach dhá scór blian i mBaile an Locha i gcathair Chorcaí. Tá triúr clainne acu, Áine, Con agus Íde.

Ag tús na bliana míle naoi gcéad triocha sé saolaíodh Seán i mBéal Átha na Lice in aice le baile Bheanntraí in Iarthar Chorcaí,mar ar tógadh le Gaeilge é. Fuair sé a chuid bun oideachais i Scoil Chúm Thóla, b’iad a athair agus a mháthair a bhí á mhúineadh. Amhránaí breá ab ea a athair, fear go mbíodh ranganna Gaeilge á reachtáil aige i mBeanntraí ar son Chonradh na Gaeilge i dtús an chéid seo chaite.

Taréis na bunscoile chuaidh sé go Coláiste Íosagáin i mBaile Mhúirne, meánscoil ullmhúcháin do mhúinteoirí agus as san go Coláiste Phádraig i mBaile Átha Cliath áit ar cháiligh é mar bun-mhúinteóir, Samhra na bliana 1955.

Is i gCorcaigh is mó a theagasc Seán, chaith sé scór blian i nGurrán na mBráthar agus i 1980 ceapadh é mar phríomhoide ar Scoil Mhuire i gCnoc na hAoine, bruach bhaile nua ar thuaiscirt na cathrach, mar ar fhan sé gur éirigh sé as a phost i 1993.

Maidir lena chuid ceoil, taréis dó tréimhse a chaitheamh ag staidéar guth oiliúna i Scoil Ceoil na Cathrach, thosaigh sé ag canadh le Cabaret Gael-Linn. Ag éirí as seo cuireadh in aithne é do Riobeard Mac Goráin, chuir sé siúd in aithne é do Sheán Ó Riada é. Bhí sé de ádh air gur thaithn a ghuth leis an Riadach agus dheineadar an céirnín “An Poc ar Buile”, amhrán a scríobh Dónal Ó Mulláin ón Screathan i gCúil Aodha.

Tháinig alán céirníní eile, na measg “The Banks of My Own Lovely Lee” “Bhí Bean Uasal” agus “Táimse im’ Chodladh”. Bhí sé páirteach le Seán agus Ceoltóirí Chualann san sraith cláracha “Fleadh Cheoil an Radio”. Dheineadar roinnt cláracha teilifíse i dteannta a chéile leis agus ar ndóigh bhíodar beirt ar an stáitse in amharclann an Gaiety ar an oíche stairiúil úd as a dtáinigh an céirnín Ó Riada sa Gaiety, ceirnín atá ar an margadh mar dlúthdhiosca le cúpla seachtain agus trí cinn de amhráin sa mbreis ó Sheán air.

Taréis bháis thubaisteach Sheáin Úi Riada lean Seán air ag canadh. Dhein sé céirníní le daoine eagsúla agus cloistear go minic é ar chláracha raidió agus anois is arís feictear ar an dteilifís é.

Bhí sé mar Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge i rith na bliana 2005.