Ní fada uainn an dara deireadh seachtaine d’Fhéile na Laoch agus tá go leor imeachtaí á bheartú le h-aghaidh 30ú Meán Fómhar-3 Deireadh Fómhair.  Cuirfidh seo clabhsúr leis an bhféile agus is é an seans deireannach ag daoine bheith ag Féile na Laoch go dtí go mbeidh sé á reachtáíl arís i gceann seacht mblian i 2018.

Dé hAoine 30/9/2011 –  Tús le deireadh an Fhéile

8in:  Fáílte Romhaibh – Teacht le chéile in Áras Éamoinn Mhic Suibhne

Beidh taispeantas ‘Halla na Laoch’ ann arís chun deis eile a thabhairt do dhaoine na laochra ar fad a fheiscint.

Scannán:  Féile na Laoch Lúghnasa 2011

Liostáil oifigiúil na bhféiltí is na n-imeachtaí eile a tharla – agus atá fós le titim amach – le linn na bliana.

Bronnadh na nGradam:

Mise Éire Freisin – Moltóireacht agus bronnadh an ghradaim ar bhuaiteoir an chomórtais scannáin.  Moltóir George Morrison, stiurthóir ‘Mise Éire’.

Seoladh an bailiúchán dlúthdhioscaí, Seoda an Riadaigh, Gael Linn.

Scoraíocht – amhráin, scéalta agus ceol i gcoirm charadach.   Soláistí ar fáil.

Dé Satharn 1/10/11:

10in  Maidin Scannáin – Ionad Óige Dónal Ó Liatháin, Cúil Aodha
10rn  A Memory of a People
11rn  A Vertical Man
12 mean lae Féile na Laoch Lúnasa 2011 agus scannáin eile.
1in.   Oscailt taispeantais ar Fhéile Lúnasa.  Ionad le fógairt.

2in.  An Todhchaí –  (stiurthóir, Tomás Ó hAodha), Ostán Ghobnatan, Baile Mhuirne.  Cainteoirí le fógairt. (beo ar an idirlíon http://www.feilenalaoch.com)

7in: Coirm Cheol Eaglasta.  Manaigh Ghleann Steaill agus Cór Chúil Aodha.  Séipéal Chúil Aodha.   Beo ar an idirlíón:  www.feilenalaoch.com

9in;  Fáiltiú in Áras Éamoinn Mhic Shuibhne.  Scoraíocht.  Beo ar an idirlíon.

Céilí in Ostán Ghobnatan

Seisiún Ceoil sa Mhuileann.

Amhránaíocht i mBarr a’Chuma.

Dé Domhnaigh 2/10/11

11rn  Aifeann 2 – Séipéal Chúil Aodha

Aifreann chomórtha, Aifreann 2 Sheán Ó Riada, á chraoladh beo ar an raidió ar fuaid an domhain.  Cór Chúil Aodha agus Mánaigh Ghleann Steaill.  Ba é Mainistir Ghleann Steaill a choimisiúnaigh an Dara Aifreann i 1969.   Beidh sé le feiscint beo ar an idirlíon:  www.feilenalaoch.com.

2in.  Tá an t-Árdán ag…Éamon de Buitléar, leis an Dr. Rory Harrington.  Ostán Ghobnatan.  (Beo ar an idirlíón ag www.feilenalaoch.com)

An Choirm:

An t-aon choirmceoil den Fhéile.

8.30in.  Áras Éamonn Mhic Suibhne, Cúil Aodha,

Ar an árdán beidh Ceoltóírí Chualainn, Cór Chúil Aodha, Cór Ban Chúil Aodha agus ceoltóirí eile.   Seinnfear píosa cumtha go speisialta (ag Peadar Ó Riada) leo san go léir i láthair.   Tiocfaidh deireadh leis an oíche ar 12.05 (ar an buile) nuair a bhualfar clog chun deireadh an cheiliúradh ar Sheán Ó Riada agus na laochra eile ar fad a chomóradh.  Le linn an tsearmanais cuirfear na bratacha agus na griangrafanna is iarsmaí eile ar fad i dtaisce sa Chófra Mór agus ansan daingneofar an Chófra Mór le tairní.  Ní osclófar arís é go ceann seacht mbliana   Múchfar Lochrann na Féile agus canfar amhrán na páirte.

Beo ar an idirlíon ag www.feilenalaoch.com

Dé Luain 3/10/11

11rn.  Leagfar blathfhleasc ar uaigh Sheán agus Rúth Ó Riada i searmanas gairid agus ciúin.