Clár Féile na Laoch 2025

31/7/2025 – 3/8/2025  agus 3/10/2025 -5/10/22025

Cúil Aodha, MagCromtha, Co Chorcaighe. feilenalaoch1@gmail.com (feilenalaoch1 null@null gmail NULL.com)

Tá na himeachtaí go léir saor in aisce

Deardaoin 31/7/2025:

19:00 Tógtar tine ó iarta Seán Ó Riada gus déantar é shiubhal le ceol is slua le brattaibh is uaisle ar pharáid ón nDraighean go Cúil Aodha. Lastar Lóchran na Féile ansúd agus dearbhaíotar an Féile oscailte ag Laoch ar Leith.

20:30 Lastiar de Banna Pibe Chuilinn Ui Chaoimh déantar Paráid na Laoch ón tSráid i gCúil Aodha siar go Páirc na Laoch

21:00 Líontar an An Damhach Diamhrach le uiscí an tSuláin is ansan casann

is caitheann na Críonnaigh an n-orthaí is uiscí na sseacht dtoibreacha beannaithe maguaird isteach sa Damhach is glannan an aeráid is an áitreach don ócáid ag teacht.

Glaoid ar na laochra chun láthair.

21:20 Le titim gréinne ar thosach an stáitse, tagann na seacht Laochra Filí, brontar an coróin laochais orthu agus déanann aithris ar a bhfilíócht ina dturas. Arna gcríochnú taréis tuairim is 50 neomat, castar an stáitse deiseal cúple céim isteach i ndoircheacht na hoiche

22:20 Tagann na healaíontoirí chun stáitse. Brontar an coróin laochais orthu Cuirtear síos ortha is ar a saothar is taispeantar don bpobal é agus feartar fáilte roim cách an oilthireacht ealaíonna fan an ghleanna do thabhairt ortha féin i rith na deire seachtaine. Arna gcríochnú taréis tuairim is 50 neomat arís castar an stáitse deiseal cúple céim isteach i ndoircheacht na hoiche.

Agus mar sin leannan gach Dáimh Laochra – Na Reacairí, na Rínceóirí, na hAmhránaithe, na Aistreóirí agus na Ceoltóirí go dtí:-

5:50 An stáiste anois ag féacaint dtreo Eirí Gréinne seinnean Ceolfhoireann an Phobail Mise Ére.

6:00 Séidtear na stoic agus cuireann an tráchtaire glaoch amach chun na Laochra Spóirt a thagann chughainn síos ón gcnoc agus treasna na hAbhann in éineacht le gasra ógánach le bratacha ar folúin acu. Cuirtear chun stáitse iad i láthair na ndaoine le trácht ar a gcuid éachtaí. Brontar an coróin laochais orthu.

6:20 Tagann an capal chun tosaigh. Déantar omós don gcapal is a thabhacht i gcultúr, agus i gcuimhne na nGael, le Gníomh Omós solúnta.

6:30 Fagann na Daoine (Tá fáilte roim daoine ag an dtráth seo braon de uisce an Damhach Diamhrach do bhreith leo mar is é atá lán de uiscíbh an tSuláin- an t-aon abhainn firean in Éire -agus uiscí na dtoibreacha bheannaithe sna cnoic magcuaird, abhaillig na Críonnaigh sna míosaibh roim ré. Is beidh seacht mbliana sula líonfar aris é.)

Cláraigh don aeríocht anso (https://www NULL.eventbrite NULL.ie/e/feile-na-laoch-aeriocht-tickets-1434792997479?aff=oddtdtcreator). Tá an ócáid ​​saor in aisce ach ba mhaith linn na huimhreacha a bhainistiú go sábháilte.

Dé hAoine 1/8/2025

14:00 Oscailt oifigiúil Halla na Laoch le pictiúirí de 100 laoch ag crocha ar fallaí is bratacha osagcionn ináirde.

14:00 Cruinniú Forum na Laoch faoi chathaoirleacht an phríomh fhile.

19:00Beannaíon Seán Ó Riada do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann”. Coirm ceoil ag craobhacha Comhaltas Ceoltóirí Éireann ag ceiliuradh beatha Seán Ó Riada.

Deich neomat an craobh, curtha i láthair ag Peadar Ó Riada – craolta beo ar Raidéó na Gaeltachta is ag sruthú ar-líne. (Cuir suíochán in áirithe anso – saor in aisce (https://www NULL.eventbrite NULL.ie/e/feile-na-laoch-beannu-sean-o-riada-do-chomhaltas-ceoltoiri-eireann-tickets-1434586991309?aff=oddtdtcreator).)

Sessiúin sna táirní maguaird.

Dé Sathairn 2/8/2025

10:00 Forum na Cláirsí is na Píbe in Árus Íosagáin i mBaile Mhuirne

10:00 Bailiú an tslua agus tosnú ar an hoilthireachtaí éagsúla chun ionad bheanaithe is saíochta phobal Mhúscraí. Cláraigh anso (https://www NULL.eventbrite NULL.ie/e/feile-na-laoch-tionol-assembly-tickets-1434731844569?aff=oddtdtcreator). Tá an ócáid ​​saor in aisce ach ba mhaith linn na huimhreacha a bhainistiú go sábháilte.

11:00 Oscalíon an oilthireacht Ealaiona do chách.

20:00 Tosnaíon an Coirm Órdha i Halla na Laoch. Coirm de iar bhuathóirí Corn Uí Riada ag OIreachtas na Gaeige agus Buathoirí Bonn Ór Seán Ó Riada – beo ar RnaG agus sruthú beo ar-líne. Curtha i láthair ag Máirtín Tom Sheáinín Mac Donncha (Cuir suíochán in áirithe anso – saor in aisce (https://www NULL.eventbrite NULL.ie/e/feile-na-laoch-coirm-ordha-the-gold-concert-tickets-1434710631119?aff=oddtdtcreator).)

Sessiúin sna táirní maguaird.

Dé Domhnaigh 3/8/2025 An Lá Spriodálta

11:00 Aifreann cuimhneacháin le Cór Cúil Aodha agus Ceoltóirí. Craolta beo ar RnaG ó Shéipéal Chúil Aodha agus srutháil ar-líne.

14:00 DóchasSolas Críost

Tumadh doimhin i gceol, gnímh agus téacs spriodáltha mar ar féidir le pobail eile samplaí de phobail ag guí d’fháil dóibh féin in am ganntanas sagart. Beidh Córacha éagsúil, baill sinearacha den gCléir is tuatha agus cléir eaglaisí eile i láthair agus é beo ar-líne. Ócáid doimhin spriodáltha ach spleodrach. (Cuir suíochán in áirithe anso – saor in aisce (https://www NULL.eventbrite NULL.ie/e/feile-na-laoch-dochas-solas-criost-tickets-1434663580389?aff=oddtdtcreator).)

Sessiúin sna táirní maguaird agus an scaipe.

Deire Fomhair / An Clabhsúr

Dé hAoine 3/10/2025

20:00 Hala na Laoch – Oiche na mBan

Cainnt oifigiúil ó Aoí speisialta agus beirt amhránaí le cáil idirnáisiúnta. Críochnú na hoiche le Laoi na Laoithe cannta Cór ban ag Cúil Aodha,

Dé sathairn 10:00 – 12:30 Semineár ar na toghachaí don chéad 7 mbliana romhain go 2032 An Eacnamaaíocht, An Earáid, Politíocht, na Sochaí agus na Daoine

14:00 leanann an Seimineár ag críochnú le ráiteas Comhairleach do chách

20:00 Dúnadh oifigiúil Feile na Laoch ar feadh 7 mbliana eile. Coirm oifigiúl ag cur síos ar cé sinn féin Gaeil Éireann, cad as sinn agus ár dtriail. Beidh ceol, léamh, filíocht agus coiriú córacha. Agus é ag teacht chun críche bainfear na 100 Laoch des na Fallaí is baileofar na brait is cuirfear uilig i gCórfa na Laoch, Múchtar an Lóchran is le gach rud i dtaisce sa Chófra buailfear na Seacht Buillí Móra Clabhasúir air is tógfar amach ar ghuaillibh é shun suan ar fhalla n tséipéil aris go Bealtaine 2032.

Dé Domhnaigh

11:00 Aifreannn Cuimhneacháín so Sheán Ó Riada

Turas go uaigh Seán Ó Riada mar a leagtar bláthfhleasc.

Sessiúin sna táirní maguaird agus an scaipe

Back To Top